Teanga mhionlaigh

Is éard is teanga mhionlaigh (nó teanga neamhfhorleathan nó mionteanga nó teanga réigiúnach srl.) ann ná teanga atá á labhairt ag mionlach de dhaonra i gcríoch áirithe. Mar shampla, is teangacha mionlaigh iad an Ghaeilge agus an Bhreatnais.
"Tagraíonn an téarma “mionlaigh” do chásanna ina bhfuil an teanga á labhairt ag daoine nach bhfuil comhchruinnithe i gcuid shonrach de chríoch stáit nó ina labhraíonn grúpa daoine í atá, cé go bhfuil siad comhchruinnithe i gcuid de chríoch stáit, níos lú ó thaobh a lín de ná an daonra sa réigiún sin a labhraíonn teanga thromlaigh an stáit. Tagraíonn an dá théarma dá bhrí sin do chritéir fhíorasacha agus ní do thuairimí dlí agus baineann siad i gcás ar bith don chás i stát ar leith (mar shampla, d’fhéadfadh gurb ionann teanga mhionlaigh i stát amháin agus teanga thromlaigh i stát eile)." [1]
An tAontas Eorpach
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is cinnte go bhfuil an éagsúlacht teanga san áireamh le héagsúlacht cultúr an AE, mionteangacha ina measc. Tá an tAontas Eorpach lárnach i gcur chun cinn cearta mionlach lasmuigh dá theorainneacha féin, go háirithe trína pholasaí méadaithe, ach níl na huirlisí ná an spreagadh aige le haghaidh a thabhairt ar ceisteanna mionlach laistigh den bhloc.[2]
Aithníonn An tAontas Eorpach an éagsúlacht teanga mar Luach Eorpach in Alt 3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. Ach níl creatlach thiomanta a bhfuil ceangal dlí léi aige a chosnaíonn mionlaigh theangeolaíocha. Anuas air sin, ní thugtar cosaint shonrach do mhionlaigh theangeolaíocha, ó tharla nach bhfuil teanga i measc na bhforas idirdhealaithe in Alt 19 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (TFEU) – ainneoin go bhfuil sí ina foras idirdhealaithe in Alt 21 den Chairt um Chearta Bunúsacha. Mar sin níl an “t-údarás” ag an Aontas Eorpach cosaint a thabhairt do phobail mionteangacha ; fágtar an cúram sin ar na ballstáit féin agus ar an gCairt Eorpach um Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh.[2]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ AN CHAIRT EORPACH UM THEANGACHA RÉIGIÚNACHA NÓ MIONLAIGH. Tuarascáil mhíniúcháin
- 1 2 Maitiú Ó Coimín (31 Márta 2026). "Cur chuige an Aontais Eorpaigh i leith mionteangacha cáinte ag na Náisiúin Aontaithe" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2026-04-02.