Eacnamaíocht

Is brainse den eolaíocht shóisialta í an eacnamaíocht a bhaineann le cúrsaí an gheilleagair. Tagann an focal ón nGréigis (oikos, nó teach agus nomos, dlí). Thug an staraí Thomas Carlyle "an eolaíocht ghruama" uirthi sa naoú céad déag.
Díríonn an eacnamaíocht ar iompar agus idirghníomhú na ngníomhairí eacnamaíocha agus conas a oibríonn an geilleagar. Ag teacht leis an bhfócas seo, is minic a dhéanann príomh-téacsleabhair idirdhealú idir micreacnamaíocht agus maicreacnamaíocht.
Anailísíonn an eacnamaíocht an geilleagar ar fad (a chiallaíonn táirgeadh comhiomlán, tomhaltas, coigiltis, agus infheistíocht) agus na saincheisteanna a dhéanann difear dí, lena n-áirítear, dífhostaíocht na n-acmhainní (saothair, caipiteal, agus talamh), boilsciú, fás eacnamaíoch, agus na beartais phoiblí a thugann aghaidh ar na saincheisteanna seo (beartais airgeadaíochta, fioscacha, agus eile).
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Aithnítear Adam Smith mar athair na heacnamaíochta. [1] Fealsamh Albanach a bhí ann, a scríobh leabhar eacnamaíochta "Saibhreas na Náisiún" (The Wealth of Nations). Pléadh topaic ar nós "roinnt na hoibre" sa saothar seo. [2]
Micreacnamaíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Scrúdaíonn an micreacnamaíocht iompar na n-eilimintí bunúsacha sa gheilleagar, lena n-áirítear gníomhairí aonair agus margaí, ar na hidirghníomhaíochtaí, agus torthaí na n-idirghníomhaíochtaí. D'fhéadfadh sin a bheith mar gníomhairí aonair, mar shampla; teaghlaigh, gnólachtaí, ceannaitheoirí, agus díoltóirí.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "The Life of Adam Smith and Wealth of Nations - World History" (en-GB). worldhistoryjournal.com (2024-10-07). Dáta rochtana: 2026-04-26.
- ↑ Adam Smith, Edwin Cannan (2000). "The wealth of nations". New York: Modern Library.
| Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |