Píosaí liom in áiteanna eile:

Posts mit dem Label turscar werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label turscar werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2022-02-11

Turscar agus teanga



'The Death of Irish’

The tide gone out for good,
Thirty-one words for seaweed
Whiten on the foreshore.
— Aidan Carl Mathews, 1986

Bhí mé ag smaoineamh le déanaí faoin idirdhealú seo - tríocha haon ainm ar fheamainn ag bánú ar an gcladach. Caointear an caillteanas saibhreas teanga, nó an teanga féin fiú, ach is éard atá caillte ná saol ina bhfuil an t-idirdhealú sin fóinteach agus riachtanach. Comhartha sóirt an tanú teanga ní cúis. Agus ní réiteach iad altanna nó leabhair snasta boird caife le liostaí focail agus béaloideas gáifeach, cé gur cabhair iad chun an t-eolas faoin ndúlra a athghabháil, má tá an t-eolas cruinn.

Is minic screamh scéil iontais ag ceilt na heolaíochta, ar ndóigh.

Ar aon nós, tá dóchas ionam ó cláracha teilefíse fearacht Bailte, An Cósta Thiar agus na seoda a bhíonn ag Eoin Warner, nach bhfuil baol ar bith go mbeidh focail ag triomú ar an dtrá, pé acu an cineálacha feamainne atá i gceist, nó lusanna, nó éisc. 

Tá cainteoirí óga Gaeltachta agus Gaeil eile ag cuir lena n-eolas ar an ndúlra agus ag baint slí beatha as. Go deimhin bhí bainteoir óg feamainne ar Iris Aniar ar Raidió na Gaelachta le déanaí, ag plé faoi conas mar a bhí sé féin ag baint tairbhe as an saol agus ag athfoghlaim faoin dúlra. Táim ag súil leis an gclár Faoi Bhláth atá le tosú ar an Luain beag seo ar teilefís RTÉ 1. Tá ana chnuasach déanta ag Aedín Ní Thiarnaigh ar bhéaloideas bainteach le lusanna; agus an cuma air go bhfuil neart daoine eile aimsithe ag Abú Media.

Ar ndóigh, mar fear cathrach agus ríomhchlairitheoir, is scáinte m'fhoclóir dúlra; ceal riachtanas. Ach - cé nach mbainim feidhm as an Ghaeilge le linn cúrsaí oibre go hiondúil, tá foclóir agam inti maidir le mo chuid oibre agus scata aistí scríofa anseo agam faoi.

Agus léiríonn An Dara Rogha le Celia de Fréine, nó Tinte na Farraige Duibhe Tim Armstrong aistrithe ag Eoin P Ó Murchú, gan ach dhá shaothar a lua, go bhfuil an Ghaeilge breá in ann dul i ngleic leis an bhficsean eolaíochta.

Ní chaomhnítear teanga tríd í chuir faoi ghlas i leabhair bord caife - níl i ndán dí ansin ach meirg agus leamhan. Is trí usaid a chuirtear snas ar theangacha agus a méadaítear a luach.

Deirtear nach sabhálfaidh caint an Ghaeilge. Ní fíor. Ní sabhalfaidh ach caint an Ghaeilge. Caint i nGaeilge.

2012-10-16

Díbirt an CAPTCHA


Brúigh ar le méadú!
Is cosúil go bhfuil muid ar fad bréan bailithe den gcóras nua atá brúite ag Google orainn chun dris cosain a chuir roimh lucht turscair. Is mó de dhris cosain ar an bplé atá ann - ach is féidir fáil réidh leis do'd bhlag. Mar a léirítear thuas, is "Word Verification" a thugann siad ar an gcóras seo, agus tá an rogha agat é a mhúchadh do'd bhlag.
Molaim sin a dhéanamh!
Gabh chuig "Settings" -> "Posts and Comments" agus roghnaigh "No" do "word verification". Ansin brúigh an cnaipe "Save Settings" thuas ar dheis. Sin é.

2012-08-21

Turscair sna staitisticí ar Blogger

Tamaill ó shin chuir Blogger "Staitisticí" leis an roghchlár d'údair blaganna. Bhí (agus tá) statcounter in úsáid agam:
Chonaic mé difríochtaí idir an dá cheann nár thuig mé i gceart. Ach go háirithe bhí na foinsí tráchta difriúil. Monuar, rinne mé botúin uair nó dhó nuair a phrioc fiosracht mé chun an nasc sin a leanacht. Suímh pornagrafaíochta a bhí i gceist. Bhí imní orm go raibh mé ar bhealach éigin nasctha leo mar sin chuaigh mé ag lorg freagraí. Tá cur síos sách cuimsitheach anseo ar an "Turscar tagróra" atá i gceist:

Níl baol ann - ach ná lean an nasc! Neamhaird an leigheas.

2012-07-30

Rangú Page, turscar, agus focal beag draíochta

Rangú Page: Léaráid le Felipe Micaroni Lalli
Tá cáil Google (agus saibhreas lucht a bhunaithe!) bunaithe ar feabhas a inneall cuardaigh - ar an chaoi gurbh iad na torthaí is túisce a luann siad na cinn "is fearr". Tá breithiúnas Google bunaithe ar samhail matamaitice den idirlíon a d'fhorbair na bunaitheoirí ar an ollscoil agus atá ainmnithe as duine acu - Larry Page. Go bunúsach déantar anailís ar na nascanna idir leathanaigh idirlín agus tugtar luach do na leathnaigh de réir an méid naisc atá dírithe orthu, ach freisin de réir "luach" na leathnaigh atá ag nascadh leo; luach atá bunaithe ar an líon naisc atá ag teacht isteach sna leathanaigh sin. Tá cur síos níos iomláine ag Wikipedia (agus ós rud é gur algartam atá i gceist, is féidir muinín éigin a chuir ann - níl mothúcháin i gceist!) . Tugtar Rangú Page ar an algartam.
Ar ndóigh bíonn forbairt i gceist ar an algartam, agus bíonn Google ar a ndícheall lucht turscair a sheachaint sna torthaí. Ach is iad naisc airgeadra an idirlín. Mar sin, bíonn tóir ag lucht turscar ar naisc dá suímh ar mhaithe le boilsciú a dhéanamh ar "luach" a gcuid suímh. Sin an toisc, mar shampla, go mbíonn dris cosain an Captcha romhat agus trácht á fhágáil agat anseo. Dúshláin a bhíonn síor forbairt air, de bharr go mbíonn feidhmchláir lucht turscair ag siar forbairt freisin.
Tá ainm ag ealaín seo ag lucht turscair agus naisc a chuir is a bhaint - Search Engine Optimisation - cuíchóiriú do inneall cuardaigh.  Agus ansin atá dris chosain eile do lucht na Gaeilge - mar is ionann ceannlitreacha an scéim ola nathrach seo agus focail beag úsáideach - SEO!
Suíomh mór le rá is ea Twitter - agus mar sin tá lucht turscar gníomhach ann. Tá sé tugtha faoi deara agamsa agus ag giolcadóirí eile le Gaeilge gur geall le briocht nó ortha an focal úd "seo" - má bhaintear feidhm as i ngiolc, bíonn ar an bpointe cúpla leantóir nua ag duine. Ach is annamh Gaeilge, ná go deimhin ciall, ag na leantóirí seo!
Bím féin ar mo chroí díchill mar sin ag seachaint ortha na turscadóirí. Agus má sciorrann sé uaim, chuirim an ruaig ar an bpointe ar na leantóirí nua seo leis an cnaipe "Fógair ina thurscair"
Agus sin agaibh an frith-ortha!

2011-04-27

Blúirín: Google, tiontú agus turscar

Ní minic go dtugaim na fógraí i Gmail faoi deara. Ach anois is arís tugann m'fhochomhfhios rud éigin faoi deara. A leithéidí seo abair: "Know Dhia ar na Cásca - Bíodh caidreamh nua pearsanta le Dia i ach cúpla nóiméad" - is léir go bhfuil turscadóirí creideamh ag baint feidhm as Google Translate anois. (An bhfuil ola nathrach níos measa ná sin ann?)

Ceann eile a chuir mearbhall orm ar feadh tamaill ná an fógra do ceardlann ar tromaíocht san láthair oibre. Ó tharla go mbíonn Google ag scagadh na r-phoist chun fógraí cuí a roghnú, bhain an ceann sin siar asam. Go dtí gur thug mé faoi ndeara go rabhas tar éis píosa oibre a thréaslú le duine trí "Bullaí fir" a scríobh.

Tá bealach le dul fós ag an tiontú uathoibríoch is léir. Ach b'fhéidir gur maith an rud sin; nó ní bheadh srian ar bith le díoltóirí ola nathrach.