2026-04-29
Guth an phobail
2025-04-22
An Pápa Proinsias, cloch ar charn
2024-11-19
táimse mo chola is ní theastaíonn uaim a bheith 𝙒𝙤𝙠𝙚
As lor liom ꝗ laḃrꝫ de sin
2024-05-04
Mian Dé, Toil Dé, Deonú Dé
![]() | ||
| Ernst Barlach - An fear amhrasach |
Insha' alla
Nó, mar a deireadhmuintir an Oileáin'le cúnamh Dé'.Ailbhe Ní Ghearbhuigh
Buancheist gach creidmheach i nDia grámhar ná tuige a tharlaíonn droch rudaí do dhaoine maithe. Píosa fada ficsean samhlaíochta ar an ábhar is ea leabhar Iób:
Ach tá a rogha déanta aige, agus cé a d'fhéadfadh é a chur ar mhalairt treo? Cibé ní a bheartaíonn sé ina chroí, cuirfidh sé i gcrích é. Comhlíonfaidh sé cibé rud a shocraigh sé dom, Dála a lán beartas eile atá socair aige. Uime sin, tá uafás orm ina láthair; Agus dá mhéid a mhachnaím, is ea is mó a bhíonn scanradh orm roimhe. Scaip Dia mo mhisneach, Agus chuir an tUilechumhachtach sceimhle orm.
Iób 23:13-16
Bhí de nós ag ár sinsir Toil Dé a lua le gach buairt agus buaireamh. Dán go gcaithfí glacadh leis. Tá teannas idir taithí an duine agus briathra Íosa:
Tháinig mise chun go mbeadh an bheatha acu agus go mbeadh sí acu go fial.
Ach ar ndóigh bhí neart le rá aige freisin faoi bheatha chóir. Agus go háirithe-
Dúirt sé: “An rud a thagann amach as an duine, sin é a dhéanann neamhghlan an duine. Óir is ón taobh istigh, amach as croí na ndaoine, a thagann drochsmaointe, bearta drúise, gadaíochtaí, dúnmharuithe, bearta adhaltranais, sainteanna, mallaitheachtaí, cealg, ainriantacht, formad, ithiomrá, díomas, amadántacht.
Maidir liom féin de, is beag de olc an tsaoil atá fulaingthe agam. Seans go dtuigeann mo chruthaitheoir gur fánaí alabhog mé nach bhfuil mianach ionam a sheasfadh triail.
Don airgead an breogán, agus don ór an sorn, agus fear le briathra lucht bladair a mheas.
Corr bhabhta tinnis, post i mbaol anois is arís. Na rudaí ba thromchúisí a d'fhulaing mé ná gur chailleamar beirt sa bhroinn go luath sa toirchis. Fuair deartháir liom bás sa chliabhán nuair a bhí mé i ndeireadh na déaga. Fuair mo mháthair bás le hailse a aimsíodh ró mhall - ach mhair sí níos faide ná mar a thuar na lianna, agus bhí deis againn dá réir dul i dtaithí air agus slán a fhágáil léi faoi dheireadh. Ní mórán é.
Tá, dar liom, Toil Dé le feiceáil ansin sa mhéid is nach saorann Sé muid ón Olc nádúrtha, ó phian agus díomá. Cuid den dul in inmhe atá ansin. Tá mbeidh Sé chun muid a chosaint go hiomlán ó phian agus díomá nach iarmhairt ár ghníomhartha iad, bheimis leanbaí.
Ach tá saoirse tola againn. Cinneadh atá i gceist le caidreamh le Dhia. Fás agus forbairt.
Ní hionann sin agus mian Dé. Mar a dúirt Sé agus Iarúsailéim á chaoineadh aige -
A Iarúsailéim, a Iarúsailéim, tusa a mharaíonn na fáithe agus a chlochann iad seo a cuireadh chugat, cad é chomh minic is ab áil liom do chlann a bhailiú, ar nós mar a bhailíonn an chearc a hál faoina sciatháin, agus níorbh áil libh!
Mian Dé go nglacfadh muid lena thairiscint. Fúinne atá sé A mhian a aithint agus gníomhú dá réir. An véarsa is scanrúla i dtaispeánadh Eoin, dar liom -
Is eol dom d'oibreacha, nach fuar thú agus nach te. Uch nach fuar nó te thú! De bhrí go bhfuil tú alabhog, gan a bheith fuar ná te, táim chun tú a sceitheadh as mo bhéal amach.
Tá gné eile ann. Deonú Dé. Murach deonú Dé, na deiseanna a bhronn Sé orm, na daoine a chas sé i mo threo, ní bheadh mé fiú alabhog. Bheinn i m'fhanaí míshásta míshocair. Táim buíoch as an méid sin féin.
Maidir le "ná lig sinn i gcathú", arís tá saol sách réidh agam. Cúis eile buíochais.
Tá súil agam gurb é Toil Dé go leanfaidh deonú Dé do mo thabhairt ar bhealach comhlíonadh mian Dé dom. Ainneoin mo chlaonadh chun leisce agus alabhoige.
2024-04-28
Cad is pobal áitiúil ann?
2024-03-31
Pápaire mé
![]() |
| Pól VI - Fotografia Felici - Fearann Phoiblí |
Pól VI a bhí i gcathaoir Pheadair le linn mo leanbaíochta. Níl cuimhne dá laghad agam air. Ach tá a imlitir Humanae Vitae léite agam, inar athdhearbhaigh sé nach raibh úsáid frithghiniúint shaorga ag teacht le tuiscint na hEaglaise ar an gcollaíocht agus an pósadh. (Ní mór a mheabhrú gur laistigh den bpósadh, agus le haontoil na lánúine atá comhriachtan dlisteanach de réir teagasc na hEaglaise). Cáineadh an imlitir, agus is dócha go bhfuil go leor nach dtugann aird ar bith air i measc Caitlicigh. Nó a bhíonn ag streachailt leis, ar a laghad. Ní chuirfinn mé féin as an áireamh. Ach is dóigh liom go bhfuil dhá ghné dá ndúirt sé ann fáidhiúil. Go mbeadh laghdú ar urraim agus méadú ar leithlis i gcaidrimh dá mbeadh frithghiniúint in úsáid. Agus go raibh an baol ann go ndéanfadh rialtas údarásaíoch é a úsáid chun a dtoil a bhrú ar an bpobal, mar ó dhea agus go raibh fadhb daonra seachas fadhb dáileadh acmhainní ann. Mar atá déanta ag an tSín. Agus torthaí tubaisteacha as - pobal ag éirí níos sine fiú ná mar atá i dtíortha eile, agus glúin iomlán de dhaoine a d'fhás aníos gan siblíní agus fadhbanna go leor acu de bharr an easpa sin. Agus easpa ban!
![]() |
| Eoin Pól II - Gregorini Demetrio - CC-by-SA 3.0 |
| Ach agus mé ag fás aníos, b'é Eoin Pól II an Pápa. Karol Wojtyła, an fear ón dtír i gcéin mar a thug beathaisnéis amháin air a foilsíodh go gairid i ndiaidh a thoghadh. An chéad Phápa nárbh Iodálach é leis na cianta. Fear a fuair oiliúint i gcliarscoil rúnda agus marbhfháisc ag na Naitsithe ar a thír dhúchais. Agus a mhair faoi dheachtóireacht Stailíneach ina dhiaidh sin. Deachtóireacht a bhí fós láidir tráth a thofa agus baol seasta ann go mbeadh an cogadh fuar idir Meiriceá agus an tAontas Sóivéadach ina chogadh deargte. Fear spóirtiúil lán fuinnimh i dtús a ré. Is cuimhin liom comhghleacaí liom, an tráth a tháinig sé go Beirlín ag déanamh iontais dá mheath a bhí tosaithe i 1996 - é ag rá go raibh cuma "dia óg" air i dtús a ré. Ar ndóigh, bhí sé tar éis teacht slán ó iarracht feallmharaithe in 1981 a d'fhág lorg air. Go dtí a bhás i 2005 lean sé air, gan a fhulaingt a cheilt de réir mar a bhí a cholainn ag meath. Ag teagasc le gothaí fiú nuair a bhí a ghuth bainte de ag fadhbanna sláinte. Is é Diagacht na colainne a mhórshaothar teagaisc. Ach níl sé léite agam. Cé go bhfuil roinnt imleabhar dá theagasc agam, ní dheachaigh mé i ngleic leo i gceart. Léigh mé roinnt leabhair agallaimh leis - go háirithe Cuimhne agus Féiniúlacht. Foilsíodh díolaim as Gaeilge dá chuid filíochta freisin, agus tá sé agam agus codanna léite. Thug an sagart a bhí ag cuir teagasc sa chreideamh do mo nuachar anois dráma leis faoin grá phósta dúinn - I siopa an ghabha ghil. Ní dóigh liom gur léigh mé i gceart riamh é. Is lena linn a cuireadh Caiticiosma na hEaglaise Caitlicí ar fáil, ar chuir Breandán Ó Doibhlin Gaeilge air agus atá ar mo leabhragán agam. Agus codanna de léite agam fiú. Bhí mé ina láthair, nó ar a laghad i measc an tslua, roinnt uaireanta. Bhí mé i bPáirc an Fhionnuisce i 1979 i measc an breis is milliún duine a d'fhreastail ar an Aifreann ann agus é ar chuairt ar Éireann. Bhí mé i bhfad amach ón altóir, agus i ndáiríre níl mórán cuimhne agam ar an ócáid. Bhí cearnóga deighilte le rópaí agus greamán daite le huimhreacha chun an slua a eagrú. B'ionann líon an slua agus trian de dhaonra na poblachta ag an am, agus bhí slógadh déanta ar iliomad eagraíocht chun cabhrú leis an maoirsiú - go háirithe agus an Pápa á thiomáint tríd an slua, agus nuair a bhí daoine ag teacht agus ag imeacht. Mí Mheán Fómhair a bhí ann. Mo chuimhne ná go raibh an áit ina phuiteach ag deireadh an lae. Agus muide traochta ach a raibh an bealach go lár na cathrach siúlta againn. An tSeachtain Mhór 1987 bhí mé sa Róimh le grúpa mic léinn ollscoile ar Oilithreacht. Mar chuid de chomhdháil idirnáisiúnta mic léinn. Bhí béiltí eagraithe i mbialanna éagsúla. Rinne grúpa s'againne go maith, bia blasta gach lá. Bhí grúpa amháin tar éis an tráithnín gairid a fháil, Mensa na hOllscoile. Nach raibh thar moladh beirte. Socraíodh as dlúthpháirtíocht go nglacadh gach grúpa béile ann. Bhí troscadh Aoine an Chéasta éasca... Mo chuimhne ná gur éigin go raibh rogha gan feoil ann. Spionáiste beirithe go dtí go raibh sé ina glóthach nach mór... Bhí arán úr ann áfach. Agus gach áit bhí caife láidir. Bhí ticéid faighte ag ár grúpa do Bhigil na Cásca i mbaisleac Pheadair. Ba dhiamhair an radharc é an Pápa ag siúl isteach san Eaglais lándorcha, coinneal na Cásca ar iompar roimhe agus an cantóir ag fógairt solas Chríost - Lumen Christi agus na céadta ag freagairt Deo gratias - buíochas le Dia. Tonn solais ag bogadh ó chúl na heaglaise - coinnle á lasadh agus splancanna ceamaraí. Ansin, nuair a bhí an Pápa beagnach ag an altóir solas tobann láidir agus na tuilsoilse lasta ar mhaithe leis an dteilifís. Cuimhne gléineach. Tharla go raibh mo thuismitheoirí sa Róimh i mBealtaine 1992 ag freastal ar bheannú. Bhí mo nuachar anois casta ormsa ag tús na bliana. Thaisteal an bheirt againn ó Bheirlín ó dheas ar thraein le castáil orthu. Agus bhíomar i gcearnóg Pheadair dá réir ag an mbeannú. (Cruinniú achrannach a bhí ann áfach de bhrí nach raibh teanga i gcoitinne ag mo mháthair agus mo leannán agus iad amhrasach faoina chéile...ach sin scéal eile). I 1996 tháinig Eoin Pól II go Berlin agus bhí mé ag an Aifreann sa Staid Oilimpeach. Tá meathchuimhne agam gur thug mé mo mhac is sine go geata Brandenburg lena fheiceáil ach tharlódh go bhfuil dul amú orm faoi sin - naíonán ab ea é fós, bliain d'aois. Idir eatarthu, agus teacht níos éasca orthu de bharr an idirlíon, bhí mé ag coinneáil súil ar aithisc agus tráchtaireacht an Phápa. Níl aon muinín agam as scéal scéil ná léamh iriseora ná ach go háirithe as an leathabairt réabtha as comhthéacs agus casta ag claonbholscairí a bhfuil a mba féin le cuir thar abhainn acu. Monuar ní mór a admháil gur le linn Eoin Pól II a réab séarach an toist institiúideach a bhí ag ceilt ainghníomhartha sagairt agus pearsanra eaglasta eile. Ní fadhb eaglasta amháin an mí-úsáid leanaí ach thug struchtúir na hEaglaise deis do na foghlaithe gnéis, teacht ar leanaí agus daoine fásta leochaileacha. Agus thug an cléireachas agus an mian an institiúid a chosaint sciath chosanta dóibh fiú nuair a bhí eolas faoi na ghníomhartha faoi choim. Tugadh barraíocht aird ar dhlíodóirí agus cuntasóirí, agus ar teiripeoirí soirbhíocha a mhaígh daoine a bheith leigheasta agus nach raibh aon ró dhochair déanta d'íospartaigh. Ba mhinic na ciontóirí deisbhéalach carasmatach. Tionchar acu. Meas ag go leor orthu. Stádas. Iad oilte ar a n-íospartaigh a roghnú i measc an dreama nach bhfaigheadh tacaíocht na héisteacht. Is mairg daoibh, a scríobhaithe agus a Fhairisíneacha bréagchráifeacha, mar gur cuma sibh nó tuamaí aolta atá go hálainn le féachaint orthu ón taobh amuigh ach iad lán suas istigh de chnámha na marbh agus de gach salachar. Sa tír seo, bhí cúpla toise bhreise ann a rinne rudaí níos measa. An Stáit ag fágáil go leor cúraimí faoi grúpaí deonacha eaglasta - cúrsaí oideachais agus leigheas, agus cúraim daoine leochaileacha den uile chineál. An Janseneachas agus náire forleathan faoi chúrsaí collaíochta a rinne níos deacra é do dhaoine gonta éisteacht a fháil. Dearcadh forleathan gur tharraing na híospartaigh orthu féin é. Pobal a bhí, mar a dúirt an t-ardeaspag Diarmuid Martin "ar an dream is mó caiticéis ach ar a laghad soiscéalú". Brú shóisialta cloí le rialacha gan tuiscint ar na rialacha céanna. Rud a d'iompaigh go tobann ar ndóigh agus a d'fholmhaigh na séipéil. Tarcaisne tagtha in áit an ró-urraim. Níor chruthaigh Eoin Pól II go maith sa chás seo. D'fhág a theacht in inmhe agus a thaithí faoin gcumannachas é amhrasach seachantach maidir leis an Stáit tuata. D'éirigh le roinnt ciontóirí cáiliúla - Maciel abair, bunaitheoir Léigiún Chríost, cuir ina luí air gur formad agus mioscais ba bhun leis na líomhaintí ina choinne. Ach fós tá meon dlíthiúil cosantach forleathan san Eaglais. Iarracht plé leis laistigh den eagraíocht féin. Tá cuid de sin sothuigthe agus an Stáit naimhdeach don Eaglais go minic. Ach... Ba é an cheacht deireadh a theagasc Eoin Pól II dúinn, gan focail, ná glacadh le fulaingt ach bheith dílis don ngairm. Muinín a chur i nDia seachas i gcolainn a bhí ag teip. ![]() |
| Benedict XVI - Tadeusz Górny - Fearann phoiblí. Sula raibh sé ina Phápa in aon chor, bhí scríbhinní Josef Ratzinger á léamh agam. I dtosach na hagallaimh a chuir Peter Seewald air. Ina dhiaidh sin a chuid machnamh agus aistí. Ollamh ollscoile, machnóir dlúth ab ea é ó chroí. Ciúin staidéartha san áit a raibh Eoin Pól II spleodrach. Ó leagadh an cúram air féachaint chuig caomhnú an teagaisc agus smacht a chuir ar dhiagairí a bhí ag imeacht ró fhada ón dteagasc bhí clú na géire agus an easpa trócaire air - é ina Phanzerkardinal de réir lucht na meáin. Diagaire a raibh smachtú déanta orthu ag clamhsán go glórach sna nuachtáin faoi é bheith dá gcuir ina dtost. Rinneadh tochailt agus aimsíodh pictiúir de in éide le linn an dara cogadh domhanda, nuair a rinneadh preasáil air i dtreo deireadh an chogaidh. Mar ó dhea agus gur go deonach a bhí sé ann. Iarracht smál an Naitsíochas a chaitheamh air. Níor thug mé puinn aird ar an scéal scéil ná an áibhéil - mar a scríobh mé anseo i bhfad ó shin. Agus scéal an camauro. Ní dóigh liom go raibh mé i láthair Benedict riamh. Taobh leis na leabhair agus na haithisc a bhí mé. Bhain sé croitheadh as an saol lena éirí as. Rud beagnach gan fasach. Bhí sé féin ag ceapadh nach raibh saol fada ina dhiaidh sin i ndán dó de dheasca a chúinsí sláinte. A bhí níos measa ná mar a tuigeadh, agus a d'fhág an tuairim aige nach raibh ar a chumas a oifig a chomhlíonadh mar is gá. Ach mhair sé beagnach deich mbliana eile. Rud faraor a thug deis do lucht an amhrais iarracht a dhéanamh feidhm a bhaint as i bhfreasúra leis an bpápa Proinsias. Uaireanta daoine gar dó féin ina measc. Chuir sé díomá orm, ainneoin a iarrachtaí féin gortghlanadh a dhéanamh i gcásanna mí-úsáide agus faillí Easpaig, go ndeachaigh sé i muinín léamh chúng dleathach nuair a bhí ceisteanna faoina iompar féin i leith sagairt a bhí faoi amhrais ina dheoise München agus é in oifig. |
![]() |
| Proinsias - Quirinale - Fearann phoiblí |
San áit a raibh Benedict ina theagascóir ciúin machnamhach, tá Proinsias mar a bheadh ina shagart paróiste. Gar do na daoine. Ceachtanna foghlamtha aige ó bhotúin ceannaireachta a rinne sé sna hÍosánaigh. (Ach é uaireanta fós amscaí i gceisteanna pearsanra)
omnes cum Petro
2024-01-15
Taibhreamh agus Tromluí Kepler
2023-05-28
An fhilíocht mar liotúirge
![]() |
| Ó Bhíobla léirithe Julius Schnorr von Carolsfeld |
An tslí
Tá sé ar fad romhainn
ar an tslí
Guím
go n-éireod gach lá le fonn
tabhairt faoi,
is mura bhfuil fonn féin orm
nach ngéillfead aon lá
don lagbhrí.
Turas na slí.
Lá amháin sa turas
iomlán mo ghuí.
Camino de Santiago
Dánta
2023-04-27
Aislingí agus tromluí máithreachais
2023-04-13
Smaointe Fóinteacha
2022-12-01
Verfassungspatriotismus
2022-09-12
Coróin saoil
![]() |
| Lch deiridh an leabhar deiridh - Tiffany Aching & You |
![]() |
| Sciar Terry Pratchett de mo L-spás |
![]() |
| Terry Pratchett le Luigi Novi, CC BY 3.0 |
2022-05-31
Tír gan teanga, tír gan anam?
Ní maith liom manaí. Tuigim go bhfuil gá leo, gur féidir leo bheith éifeachtach chun scéal a scaipeadh nó slua a ghríosadh. Is dócha go bhfuilim ró-thugtha don anailís agus don céard-faoi-achas, agus don sea-ach-achas. Luaigh mé le déanaí nach maith liom an mana "Tír gan Teanga, Tír gan anam" a bhí chun cinn le linn an Lá Dearg le déanaí. Bhí sé i gceist agam breis léitheoireachta a dhéanamh sular scríobh mé an bhlagmhír seo, ach tá crúóga éagsúla orm faoi láthair agus níl fhios agam caithin a mbeidh an deis agus an fonn orm dul ag tochailt. Agus tá dhá grafaic foilsithe inniu ag Tuairisc.ie a léiríonn cuid den méid a bhí le rá agam go paiteanta:
![]() |
| Foinse |
אַ שפּראַך איז אַ דיאַלעקט מיט אַן אַרמיי און פֿלאָטa shprakh iz a dialekt mit an armey un flot~ Max WeinreichCanúint le harm ⁊ cabhlach is ea teanga(Nó státseirbhís sa lá atá inniu ann)
![]() |
| Foinse |
Baineann sciar de na mionteangacha seo le náisúin bheaga a bhí ar an dtalamh i bhfad roimh teacht don stáit nua aoiseach. Baineann go leor eile le pobail ó náisúin amháin a bheith fágtha ar an dtaobh "mícheart" de theorainn nuair a bunaíodh na stáit atá anois ann.
Maidir leis an mana "Tír gan teanga, tír gan anam" - luaitear leis an bPiarsach é (agus é canónach sa dioscúrsa dá réir!), agus is cinnte go bhfuil fírinne áirithe ann don náisúin Gaelach - a raibh a urlabhra féin nach mór caillte tráth a raibh an Piarsach ag scríobh. Tá go leor gaois san teanga - sna logainmneacha agus sa bhéaloideas; agus cailleadh neart de nuair a cailleadh an teanga. Baineann an léitheoireacht nach bhfuil déanta (fós) agam leis an scéal seo a rianadh siar - an comhthéacs ina raibh an Piarsach a scríobh a aimsiú, agus a thuiscint. Tá fhios agam áfach ón tús a rinne mé go raibh an Piarsach ag tógáil ar an máchnamh a bhí Tomás Daibhis a dhéanamh maidir leis an dteanga i dearbhú an náisúin don scarúnaí. Bhí Daibhís áfach ag tarraing ar smaointeoirí Gearmánacha - a bhí ag scíobh nuair a bhí lucht labhartha na Gearmáinise scaipthe thar líon mór mionstáit, le gaol scaoilte eatarthu. Aontachtaithe seachas scarúnaithe ab ea Herder agus Fichte - ach an tuiscint acu go raibh an teanga bunúsach don náisiúin.
Baineann náisiúntacht le duine, mar a bhaineann teanga - ach ní gá ná beadh ach Náisiúntacht nó teanga amháin ag duine. Tógadh go dhá-theangach mé féin, agus d'fhoghlaim mé Gearmáinis ag thús mo dhéaga agus tá sí á labhairt go laethúil agam le tríocha bliain anois. Tá na teangacha uilig seo fite fuaite i m'fhéiniúlacht dá réir.
Creidim go láidir i cearta teanga; creidim go láidir go bhfuil dualgas ar an stáít i gcríocha as ar eascair teanga seasamh leis na cearta sin agus seirbhís a chuir ar fáil do lucht labhartha na dteangacha, a thugann spás don dteanga bheith beo agus forbairt.
Ach is le daoine a bhaineann cearta, ní leis an tír - agus creidim gur faoin duine féin glacadh lena oidhreacht (nó é a shéanadh). Na daoine le chéile i ndaonlathas a chinneann conas is ceart don stáít a gcearta a chuir chun cinn. Beidh siar agus aniar agus sárú i gcónaí ann - agus caithfear an tromlachas a sheachaint. Bíonn brú ar acmhainní, ar ndóigh, agus deacrachtaí eile.
Tá gá le plé agus idirdhealú - agus cé go bhfuil mana fearacht Tír gan teanga, tír gan anam fiúntach agus agóid ar bun, tá sé ró shimplí nuair atá idirbheartaíocht ar bun.
Agus sin mo racht go n-uige seo. Seans go mbeidh mé ag filleadh ar an gceist má bhíonn deis agam níos mó leithéoireachta a dhéanamh - an Piarsach, Daibhís, Herder agus Fichte!
2022-04-17
Laochas
![]() |
| Le Justus Sustermans - Foinse (ó; archive); féach freisin, Fearann Poiblí, Nasc |
Andrea Sarti »Unglücklich das Land, das keine Helden hat!«
Galilei »Nein. Unglücklich das Land, das Helden nötig hat.«
Ní hea. Duairc an tír a bhfuil laochra de dhíth uirthi!
2022-02-24
Cosaint an Stáit
Foilsíodh Tuairisc an Choimisiúin um Óglaigh na hÉireann (as Béarla, ar ndóigh) thart ar an am go raibh ionadaithe na n-iascairí ag plé le hAmbasadóir na Rúise d'fhonn inlíochtaí Rúiseacha a bhogadh as limistéar eacnamaíochta na hÉireann - rud a raibh rath air. Ar ndóigh bhí mé ciniciúil ag an am faoin "mbua" seo ag na hiascairí - bhfacthas dom gur chuir an scéal mianta na Rúise - gníomh buaileam sciath le haird a fháil - chun cinn níos fearr ná dá mbeadh an inlíocht tar éis dul ar aghaidh gan aird a tharraingt.
Anois agus ionradh fíochmhar á dhéanamh ar an Úcráin ag Rúis Phutin, tá mo chiniciúlacht treisithe. Tá drogall ag tíortha daonlathacha trúpaí a chuir i gcogadh ar bith de bharr a dtaithí léanmhar. Ach níl cluas Putin ag máithreacha saighdiúirí na Rúise - dá mbeadh sé de misneach acu labhairt amach fiú.
Is síochánaí mé. Creidim go bhfuil fírinne domhain i nath Tucholsky
Soldaten sind Mörder
Dúnmharfóirí iad saighdiúirí
Ignaz Wrobel (Kurt Tucholsky): Der bewachte Kriegsschauplatz
Cuirtear oiliúint ar shaighdiúirí chun daoine a mharú agus a ghoineadh; tá trealamh acu nach bhfuil d'fheidhm aige ach é sin a dhéanamh go héifeachtach. Mar atá pléite san alt úd "An machaire catha faoi gharda" tá péas míleata ann go dtarlaíonn an dúnmharú ceadaithe; agus éinne a dhiúltaíonn an dúnmharú a chur i gcrích, bíonn a shaol féin i mbaol.
Mar sin féin aithním nach féidir déanamh d'uireasa cosaint an Stáit; agus uaireanta gur gá don gcosaint sin a bheith faoi airm. Tá méid áirithe den tuairisc léite agam, ach tá sé an-meamráiméiseach.
Leagtar amach na dúshláin do slándáil an stáit, ag tarraingt ar an páipéar bán ar chosaint. Leagtar amach na fadhbanna reatha le pá agus coinníollacha atá ag fágáil an cabhlach go háirithe le longa nach féidir iad a chuir i bhfarraige ceal foirne. Leagtar amach trí leibhéal "uaillmhéine" - rudaí a fhágail mar atá, roinnt infheistíocht a dhéanamh, neart infheistíochta a dhéanamh chun go mbeadh an Stáit ar chomhchéim le tíortha beaga eile san Eoraip.
Níl aon sainmhíniú dlí ar neodracht na hÉireann; níl an Stáit páirteach go díreach in aon chomhghuaillaíocht míleata; tá leathchos ag an Stáit in ECAT tríd Páirtnéireacht don Síochán. Táimid fite fuaite sna NA go míleata freisin.
Táimid ailínithe thar mar a bhí sna 1950í, de bharr an domhandaithe agus ár mballraíocht san AE. Ní dóigh liom, agus an saol mar atá go bhfuil aon dul as againn ach nascanna eacnamaíochta agus comhghuallaíochta a chothú le stáit eile - mar thír bheag bheadh muid ró lag i leith na hollchomhlachtaí atá ag rialú an Domhan cuid mhór. Tá an saol feabhsaithe go mór abhus de bharr ballraíocht san AE, ar thogra síochána ó thús é.
Luaitear roinnt bagairtí seachas cogadh san tuarascáil; agus roinnt feidhmeanna eile a dhéanann na fórsaí cosanta thar cheann an chumhacht sibhialta.
I gcás cuid acu ní fheicim gur gá go mbeadh fir armtha ina mbun.
An rud atá de dhíth i gcás cibéarionsaí, mar shampla, ná innealtóirí agus saineolaithe ar féidir le córáis cuí a dhearadh. Mar i gcéanna i gcás éigeandála - tá macasamhail an Technisches Hilfwerk sa Ghearmáin de dhíth - ní gá go mbeadh fir armtha de dhíth. Mar an gcéanna tarrtháil agus cuardach. Fiú radar, ní léir dom gur gá go mbeadh sé faoi chúram fir armtha.
Ba cheart, dar liom, gach is féidir a dhéanamh le heagraíochtaí sibhialtach; póilíní armtha agus oilte mar an rogha deiridh más gá.
Beidh cabhlach, aerfhórsa agus arm talún de dhíth chun críocha áirithe cosanta agus cosaint síochána faoi scáth na NA; ba cheart iad a bheith ann agus na hacmhainní cuí a bheith acu. Ach ba cheart gur "fir armtha" an réiteach deiridh ar fhadhb ar bith, nach mbaintear feidhm as go dtí go bhfuil gach réiteach eile teipthe.
Ach ba cheart an cheist a phlé agus polasaí ceart móide acmhainní cearta a bheith againn mar stáit.
2022-02-09
Intleacht shaorga, intleacht dhaorga...
| Alexa Steinbrück / Better Images of AI / Explainable AI / Licenced by CC-BY 4.0 |
Nuair a bhí Alan Turing ag obair ar fadhbanna ríomhaireachta sna 1950í chuir sé an cheist "An féidir le ríomhaire smaoineamh?". Ó tharla go bhfuil sé deacair sainmhiniú a thabhairt ar cad is smaoineamh ann, chuir sé ceist eile - Promhadh Turing - ar thug sé féin "Cluiche na hAithrise" air.
| Juan Alberto Sánchez Margallo - Test de Turing, CC BY 2.5, Nasc |
Tugaimid féin freagraí míchearta ar cheisteanna ró mhinic chun go mbeadh údar againn bheith lúcháireach faoin laige céanna a bheith in innill.
Anois, tá mé féin den tuairim nach bhfuil iompar ríomhaire - ag feidhmiú de réir ríomhchlár - cosúil le smaoineamh, Ach i bhfianaise meaisín fhoghlaim tá sé deacair a bheith cinnte; agus fiú le ríomhchlár, baineann an toradh siar fiú as an ríomhchláiritheoir féin uaireanta. Bhí cuir síos ag Turing ar ríomhaire a bheadh ag foghlaim - de bharr athraithe sna crua agus na bogearraí, agus go háirithe san méid sonraí atá ar fáil, tá dul chun cinn iontach déanta - mar sin féin ní dóigh liom go bhfuil tuar tagtha faoi thairngreachtaí dóchasacha Turing.
Ansin tá paradasca Moravec ann: (pléite anseo)
Tá sé measartha éasca iompar ar leibhéal duine fásta a bhaint as ríomhaire i tastáil éirime nó imirt taiplise; agus deacair nó dodhéanta scileanna linbh bliain d'aois a thabhairt dóibh i mbogadh nó braistint.
Agus Teoirim Tesler: (pléite anseo)
Is ionann intleacht agus rud nach bhfuil déanta ag ríomhairí fós.
Baineann go leor den fhírinne i Teoirim Tesler leis an bhfíric gur gá an rud atá le déanamh ag ríomhaire a thuiscint go maith sular féidir ríomhaire a chuir á dhéanamh. Má tá algartam cinnte i gceist, níl intleacht. Go leor rudaí ar thograí "intleacht shaorga" iad i dtosach, ní fheictear éirim iontu nuair atá siad déanta. Tá an tuiscint sin ag athrú beagán faoi thionchar an meaisín fhoghlaim ar féidir é bhaint amach leis an líon ollmhór sonraí atá dá chnuasach anois, agus an feabhas mór i gcrua earraí agus stráitéisí ríomhaireachta comhthreomhar.
Maidir le promhadh Turing, tá rud le tabhairt faoi ndeara. Nuair a chruthaigh Joseph Weizenbaum an clár ELIZA, a dhéanann aithris ar síciteiripeoir Rogereach, baineadh siar as nuair a thosaigh daoine - a raibh fios maith acu gur clár ríomhaireachta a bhí i gceist - ag caitheamh leis amhail is do mba duine a bhí i gceist. Tá claonadh i ndaoine, ainneoin fios níos fearr a bheith acu, spreagadh agus tuiscint nach bhfuil ann a shamhlú lena gcuid uirlísí, ríomhairí go háirithe.
Tarraingíonn sin ceist na heitice anuas; agus rinne Isaac Asimov iarracht ina chuid ficsean rialacha a leagan síos - Trí Dhlí na Robaitice
- Ní dhéanfaidh róbat dochar do dhuine; ná ní ligfidh sé dochar tarlú do dhuine trí fhaillí.
- Géillfidh róbat do ordú ó dhuine seachas má thagann sé sin salach ar an gcéad dlí.
- Caithfidh róbat a bheith féin a chosaint seachas má thagann sé sin salach ar an gcéad nó an dara dlí.
Tá infheistíocht agus costas mhór i gceist le forbairt crua earraí, córais agus bogearraí chomh maith le sonraí. Aithníonn leithéidí Google na ceisteanna eitice - ach mar bhagairt ar a mhúnla gnó. Bhris siad an taighdeoir Timnit Gebru - a bhí fostaithe acu chun cúrsaí eitice a fheabhsú - nuair nár thaithin a cuid torthaí taighde leo agus nach raibh ar a gcumas iad a mhúchadh. Tá sí tar éis foras neamhspleách a bhunú - DAIR chun dul i ngleic leis na ceisteanna seo.
Tá gné eile bainteach le taighde IS ó thús - an claonadh áibhéil a dhéanamh maidir leis an méid is féidir a bhaint amach. Mar thoradh ar seo, mealltar airgead - stáit trath dá raibh - chun tabhairt faoin dtaighde. Ach nuair a theipeann ar na geallúintí is féidir go ndéantar an maoiniú a ghearradh go tobann. Tharla a leithéid faoi dhó cheana, tugadh "Geimhreadh IS" ar an dtoradh. Níl leithéidí DARPA chomh fláithiúil agus a bhíodh do thaighde nach bhfuil sprioc cinnte gearrthrémhseach i gceist leis. Ach uaireanta bíonn foinsí príobháideacha níos fláithiúla - agus níos lú beann acu ar cheisteanna córa agus eitice. Agus ar ndóigh is ag fónamh do na hinfheisteoirí a bheidh na taighde agus na torthaí.
Caithfear an Coimpléasc Borg a chuir san áireamh freisin. An tuiscint - soiscéalach beagnach - nach féidir cuir i gcoinne na teicneolaíochta, ar rud dearfach i gcónaí é, más fíor do lucht an Bhorg!
Níl aon cheist ach go bhfuil buntáistí móra tar éis teacht as an taighde IS, agus gur mór an chabhair é i réimse áirithe. Ach tá dochar tar éis teacht as freisin - réamhchlaonta á bhuanú agus cuma na heolaíochta oibiachtúla á chuir ar leithcheal agus claontuairim.
Bímis airdeallach!














