Píosaí liom in áiteanna eile:

Posts mit dem Label fírinne werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label fírinne werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2018-12-21

Cad is fírinne ann?

Rinneadh mearscaipeadh le déanaí ar scéal #EmilyXaver, snáithe Twitter faoi beirt shaighdiúir de chuid an chéad cogadh domhanda atá curtha in aon uaigh i Sighisoara na Rómáine. I Spáinnis a bhí an bun insint, ach aistríodh go Béarla é. Sa reacaireacht Twitter thar cúpla lá reic an scríbhneoir mar ar spreag an leac leis an dá ainm, an t-aon cheann a bhí amhlaidh sa reilig, é chun fírinne a scéal a aimsiú. Sa sraith giolcanna nocht sé mar a fuair sé fios fátha an scéil diaidh ar ndiaidh thar dhá lá sa bhaile. Bhí go leor grianghraf aige, idir stairiúil is reatha, chun a insint a léiriú. Scéal grá homaighnéasach a nocht sé, nár comhlíonadh ar an saol seo de bharr doichill teaghlaigh, amscaíocht cara a sceith orthu, agus faoi dheireadh  ár an chogaidh. Gurb gníomh cúitimh an cara iad a bheith in aon uaigh. Mhúscail líon na comhtharlúintí san eachtra bleachtaireachta m'amhras, agus go deimhin tá sé ráite ag an scríbhneoir Guillem Clua gur cumadóireacht atá ann.
Ach dar leis gur cinnte go raibh caidrimh mar sin ann, agus gur ag fónamh d'fhírinne níos doimhne a bhí sé, agus go raibh na mothúcháin a spreagadh ann féin agus ina léitheoirí fíor.

Le cúpla lá anuas tá scéal iriseora de chuid an Spiegel sa Ghearmáin ag pléascadh.

Bhí duaiseanna go leor buaite ag Claas Relotius as a insint bheoga mothálach ar scéalta móra nuachta a nasc sé le daoine aonaracha go cumasach. Réalta reatha de chuid na gairme, agus gach cosúlacht air gur duine uasal agus comhghleacaí gnaíúil ab ea é.

Iriseoir eile de chuid an Spiegel a léirigh amhras i dtosach. Bhí Juan Moreno ag obair ar scéal le Relotius cé nár bhuail sé leis ach go hannamh. Bhí Moreno lonnaithe in oifig Bheirlín, é roinnt blianta níos sine na Relotius a bhí ina réalta in oifig Hamburg.

Nuair a chonaic Moreno an leagan amach don scéal, agus go háirithe na grianghraf a bhí á thionlacan bhuail amhras é agus thosaigh sé ag ceistiú. De bharr clú an fhir eile bhí doicheall roimh ceisteanna Moreno agus freagraí réidh ag Relotius.

Ar mhaithe lena chlú féin a chosaint lean Moreno air ag cnuasach fianaise. Bhí sé i Meiriceá ag clúdach scéal eile, grianghrafadóir leis, agus chuaigh sé trasna na tíre chun fios fátha na gnéithe den scéal a raibh amhras air faoi a fháil.

De bharr an fhianaise láidir sin thit caisleáin óir an fhir eile, agus d'adamhaigh sé cumadóireacht ar scála leathan, ní hamháin san scéal sin ach i go leor dá chuid duaisscéalta eile.

Tá foireann Spiegel, a bhí mórtasach as mana, An rud atá a rá,  gonta.

I ré an idirlíon is féidir fíricíní a chnuasaigh agus crot na fírinne a chuir ar an scéal a fháisctear orthu.

Maith go leor, is féidir le línseoir oilte na modhanna céanna a úsáid le teacht ar an fhírinne (ba le taighde idirlín a thosaigh Moreno a fheachtas).

Is cinnte go cabhraíonn scéalta linn ciall a dheánamh den saol. Go bhfuil íocshláinte i scéal maith mar a dúirt Guillem Clua.

Mar sin féin, is féidir le bréaga, fiú iadsan a insíodh le cúis maith, an polaitíocht a thruailliú.

Na trí rith is gaiste
Rith tine
Rith uisce
Rith éithigh

Agus bíonn dochar mór leo ar fad.

Ach ní féidir bheith amhrasach de shíor ach oiread. Tá sin dochrach don meon.

Sin an fáth go bhfuil ficsean Relotius níos measa ná scéal Clua.

Thug na nuachtáin inár foilsíodh é agus na duaiseanna a bhain sé seasamh dá scéalta.

Tá na forais sin gonta anois.

I ré ina bhfuil cath fíochmhar bolscaireachta ann, agus dúshláin mhóra roimh an cine, is tubaiste sin.

Is gá dár cinntí bheith bunaithe ar fhíricí seachas mothúcháin.

Tá an ceathrú eastáit riachtanach agus má tá sé lofa go croí táimid i bponc.

2010-12-02

Ag sceitheadh fírinní

Tá nuachtáin breac le scéalta a fuineadh as na teachtaireachtaí idir taidhleoirí SAM agus a gceanncheathrú atá foilsithe ag WikiLeaks.

Ach an bhfuil aon fíor eolas, aon fíor leas sna scéalta seo? Ar cheart scéal a hinsíodh faoi rún a sceitheadh, díreach cionn is gur faoi rún a insíodh?

Tá amhras orm. Cén mhaith a dhéanfaidh foilsiú na scéalta seo? Nach amhlaidh a chuirfidh siad le hamhras - agus fiú fuath - i measc na náisiúin?

Minic go leor is scéalta dúirt bean liom go ndúirt bean léi atá i gceist: scéalta cinnte ar cheart do thaidhleoirí iad a chnuasach, chun go ndéanfaí scagadh orthu ag daoine a bhfuil scil acu ann, ar mhaithe le leas a náisiún: sin tar éis an tsaoil, dualgas an taidhleora.

Ach iad a fhoilsiú ina smionagar fírinní ós comhair an domhain mór, ar mhaithe le ceannlínte baotha sna nuachtáin? Tá amhras orm!

(Tá amhras orm freisin faoin gcás sa tSualainn in aghaidh bunaitheoir WikiLeaks, ach sin scéal eile)

Tá rúin ann atá dlisteanach.

2010-05-13

Fiareolas agus Fíor Eolas

Tráthúil go leor, agus Fóram Iriseoireachta seolta ag Conchubhar,agus an caid caite isteach aige le scéal faoi béithe mar tarraingt súl ag Foinse, tá cúpla alt fiúntach léite agam ar ghnó na hiriseoireachta.

Scríobann Alan Titley screamh na ceiste de lena chrobhingne inniu:
Ní féidir linn cothromaíocht eolais a bhaint amach, gan amhras, ach is minicí ná a chéile gur fiareolas is ea na fíorais a chuirtear os ard.

Ní hé gur bréaga a bhíonn á scaipeadh, fág go mbíonn siad sin ann go tiubh, ná go dtiocfadh dod ar an eolach dá n-inseofaí an iomad, ná go dtuigeann an saol leamhfhocail, ach nach mbíonn puinn tábhachta ag baint lena stuáiltear sinn lasmuigh de chillíní an chloiginn a chigilt le cleite.

Tá na hailt eile bunaithe ar aithisc: Errol Morris ag caint le hábhair iriseora i mBerkeley, ag meabhrú dóibh a ndualgas teacht ar an bhfírinne - nach ionann agus carnadh fíricí. Agus ag meabhrú dóibh gurbh iad iriseoirí a dhréachtaínn an stair, mar nach dtig turgnaimh a dhéanamh chun an fhírinne a bhaint amach nuair is eachtra daonna atá i gceist.

Alt measartha fada ag Ollamh le Fealsúnacht, ag cíoradh ceist seo na Fírinne níos doimhne, agus ag teacht ar thátail spéisiúla faoin na Mórmheáin Cumarsáide.

Lón machnaimh. Ceist d'oíche eile an Idirlíon agus Cultas an Amaitéaraigh

2008-05-21

Céard é Ealaíon?

Tá an bhlagmhír seo á fhuineadh i'm intinn ón idirphlé úd a bhí agam le Rosie.

Tá an nath gurb é staidéir na háilleachta crích na healaíona cloiste agam. Ach tá amhras orm faoi sin. Is minic uafás nó gruaim á léiriú i saothar ealaíona.

Is cuimhin liom cuaird a thabhairt ar an taispeántas Rosc sna 1980í agus mé fós ar an meánscoil, agus fós san rang ealaíona. Tá pictiúr amháin neadaithe i'm intinn - pictiúr a bhí liath agus dearg, agus a léirigh cloigeann daonna agus cith francach craosacha ag tuirlingt air.

Is dóigh liom go bhfuil gné eile ann; léiríonn ealaíon fírinní faoin duine; fírinní a bhraitear, a mbíonn tionchar acu ar an dtoil agus na mothúcháin seachas an réasún.

Tá rudaí suimiúla le rá ag an gCaiticiosma faoi ealaíon, go háirithe ealaíon sácráilte;


(Sliocht as uimhir 2501)
...foirm is ea an ealaín den eagna phraiticiúil, a chuireann eolas agus stuamacht le chéile d'fhonn crot a bualadh ar fhírinne réaltachta áirithe, agus sin i gcanúint a bhfuil teacht ag radharc agus clos uirthi


Is cuimhin liom scéal a chlos uair amháin faoi chumadóir cáiliúil, a sheinn píosa ceoil nua cumtha dá chuid. Cuir duine ceist air "Cad is brí leis?"
Mar fhreagra, sheinn sé an píosa arís. An cheist chéanna a bhí ag mo dhuine. Sheinn sé arís é.
Dúirt Picasso rud gaolta leis sin:

Chomh fada agus a bhaineann sé liomsa, labhraíonn pictiúr ar a shon féin. Cén mhaith léirmhíniú a thabhairt, nuair atá gach rud déanta agus ráite? Níl de chanúint ag péintéir ach an péintéireacht.

Dar ndóigh, ní fiú bheith in achrann faoi toighis - beatha duine a thoil, agus ní lia duine ná tuairim.

Léigh mé tagairt do rud a dúirt Liam Mac Cóil ar na mallaibh; Ealaíon is ea an rud a ghlacann an pobal leis mar Ealaíon. Ach cén pobal?