Píosaí liom in áiteanna eile:

Posts mit dem Label cathracha werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label cathracha werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2024-11-02

Ó do bhíos-sa lá 'bPort Láirge

Bhí mé i bPort Láirge thart ar a trí tar éis teacht ar an mbus ó Cheapach Choinn tríd Dún Garbhán. Ach ní raibh an traein le bheith ann do dtí 18:25, agus bhí an traein roimhe díreach imithe.
Bhí an bus gafa i Sráid Pharnell nuair a chonaic mé an litreoireacht cuanna ar fhoirgneamh tréigthe an CYMS. Bhí an bus ag stopadh i Sr. Pharnell cibé, mar sin léim mé de chun pictiúr níos fearr a fháil. Bhí sé i gceist agam aghaidh a thabhairt ar iarsmalann nó dhó ansin, agus greim bia d'fháil. 
Ach go tobann thuig mé go raibh mo hata fágtha ar an mbus agam. Abhae liom de thruslóga fada diana go dtí stáisiúin an bhus ar na céanna cois Siúire. D'aimsigh cigire. Reic mo scéal. Dúirt sé liom go raibh an bus díreach imithe - do Dún na nGall...
Ag magadh a bhí sé ar ndóigh, cé gur ghlac sé meandar orm sin a thuiscint. Ní fada go raibh mo hata ar mo cheann agus mé ag siúil ar ais i dtreo Túr Raghnaill. Shíl mé iarsmalann Lochlannach a bheith ansin. Bhí dul amú orm. Timpeall an chúinne i lána na mBráithre Liatha a bhí na hiarsmalanna. Réaltacht fíorúil a bhí i gceist leis an gceann Lochlannach, rud nach raibh fonn orm tabhairt faoi. Músaem na Meánaoiseanna mar sin.
Ó siléar na fíona thar cúpla urlár trí stair Gallda Port Láirge - an chuimse cairteacha a bhronn an Rí seo agus siúd ar buirgéisigh dílse na cathrach. Ina measc, an chéad cáipéis as Béarla in Éirinn - seachas Fraincis Normannach nó Laidin.
 
Claíomh ó Ré Chromail agus dealbha ó eaglaisí na Meánaois a chuireadh i bhfolach óna dhrong mar meabhrú nach i gcónaí a bhí dílseacht do Sasana chun leasa na cathrach. 

Gné amháin cineál Gaelach - fuinneog ina raibh éide Aifrinn de chuid Seathrún Céitinn. Agus cóip dá mhórshaothar - as Béarla! (R-phost scríofa faoi sin)

Chuaigh mé ag siúl na sráideanna ansin ag lorg greim bia. Is maith liom ealaíon sráide Phort Láirge - tá cuir chuige córasach acu tithe a mhaisiú. Faoi dheireadh chaith mé proinn i gCafé Goa ar na céanna, agus thug aghaidh ar an stáisiún traenach agus an mbaile.

Bheadh fonn orm filleadh agus súil a chaitheamh ar mhúsaem na hama, agus músaem an tórraimh. Agus an réaltacht fíorúil féin, b'fhéidir.

2023-05-21

Sráideanna geala Orléans

Chaitheamar ceithre oíche agus trí lá iomlána ag cuir fúinn i gcathair Orléans, i lár an tseanchathair. Bhí na sráideanna go hiomlán saor ó charranna, seachas ag amanta áirithe ar mhaithe le seachadadh earraí nó chun na sráideanna a ghlanadh. Bhí an rochtain rialaithe, le mullaird a d'ísligh faoi smacht leictreach. 

Fiú sna ceantair lasmuigh den raon coisithe sin, bhí cosáin agus raon rothair leathana ann agus córas maith soilse tráchta. Cathair faoi réir do choisithe. 
Bhí sé sin le feiceáil san ealaíon sráide, idir oifigiúil, polaitiúil agus bradach. Rudaí san áit go bhfeicfeadh coisí iad. Mósáic bheaga ag míniú ainmneacha sráide nó díreach ar mhaithe le spraoi. Cineál Kintsugi cosáin, thug mé faoi deara in áit amháin é. 
Bhí graifítí ealaíonta le feiceáil, agus maisiúcháin spéisiúil ar dhoirse, idir sean agus nua. Fógraí eolais agus staire. Agus neart greamáin pholaitiúla - iad sin iad féin ealaíonta de ghnáth. 
Thug mé faoi deara, sa Fhrainc go ginearálta, gur sa chéad pearsa gnáthláithreach a bhí treoracha go minic, seachas sa mhodh ordaitheach. An citoyen dílis... 

Bhí na sráideanna glan, saor ó bhruscar. Bhí árthaigh bruscar ann, ach measaim freisin go raibh bruscar á sheachaint, agus go rabhthas ag glanadh leaca na sráideanna go rialta go moch ar maidin. (Chonaic mé an feithicil ar a laghad uair amháin ar mo mhochóireacht). 


An toradh - cathair bríomhar, bialanna agus tábhairní gnóthach, daoine suite laistigh is lasmuigh, go dtí go mall istoíche. (Ghlac mé na pictiúir thuas go moch ar maidin, ba mhó mo spéis sna tithe ná sna daoine!). Cé go raibh tithe lóistín fairsing, bhí gnáthchónaí i formhór na tithe, creidim.

Oifigí freisin i measc na bialanna agus siopaí. 

Feictear dom go bhfuil neart le foghlaim ag cathracha na hÉireann óna leithéid. Croí bríomhar a bhíonn ag cathair atá insiúlta ina lár, ina bhfuil an duine ina chroí. Spás poiblí. D'fhéadfaí claochlú chun feabhais a dhéanamh ar Ghaillimh, an Daingean, Bleá Cliath féin - cé go bhfuil pócaí amhlaidh sna cathracha, tá forlámhas an ghluaisteáin aonair fós láidir agus barraíocht spáis tugtha do bogadh agus go deimhin locadh. 

Bhí an saoire in Orléans iontach deas de bharr an ciúnais agus an glaine (go mall san oíche a tháinig an ciúnas, mar go raibh cúpla tábhairne bríomhar gar don árasán. Ach is mór idir monabhar cainte aos ceiliúrtha agus dord innill). 


2019-02-26

Imbolc 2019 : Ailbhe Ní Ghearbhuigh

Dinnseanchas de chineál eile a bhí i gceist i gcaint Ailbhe Ní Ghearbhuigh ar filíocht sa chathair. Idir fhilíocht an chumha don mbaile a chleacht an Direánach, go filíocht teibí an Ríordánaigh ar deacair a lorg ar talamh a aimsiú, go ceiliúradh na cathrach atá le fáil i saothar go leor filí - Liam Ó Muirthile, Biddy Jenkinson, Michael Davitt agus gan amhras Ailbhe féin.

Suirbhé spéisiúil léirithe le sleachta cuí ag file agus scoláire.

Léiriú cumasach gur féidir le file a fréamhacha a chothú in ithir cathrach agus spleodar a bhaint as.

(spreagadh dom féin go pearsanta níos mó le Davitt a léamh)

Diadh ar ndiaidh táim féin ag baint níos mó as filíocht, as ceapadh cuanna mothúcháin agus íomhánna i bhfocail. Foinse marana.

Suim dá réir agam in allagar Ailbhe, sna noda i dtreo dánta nua. Inspioráid.

2015-08-01

Leis na coisithe an chathair!

In alt leis i dTreibh maíonn Alan Titley gur leis an charr an chathair.

Tá go leor atá fíor scríofa aige san alt, gur dual do chathair fás go hainrialach, ainneoin rialóir a bheith go minic i lámha rialóirí ag iarraidh smacht a chuir ar an gcathair. Ní rud nua an líne díreach sa chathair gan amhras, is cuimhin liom sráideanna díreacha Baile Nua Carcasonne a shiúil, iarracht fánach ag an uasaicme ord a bhualadh ar chathair. 

Tá an mian san an chomh fada is atá cathracha ann, shamhlóinn!

Ach ionróir nua an charr sa chathair, ó seascaidí na haoise seo chaite, agus is mó colm agus créacht buailte anuas ar chathracha ar mhaithe lena chuir in oiriúint don gcanna clannach stáin, a dheighleann an tiománaí ón gcosmhuintir.

Ó cheart fearann an choisí agus iompar poiblí an chathair, cuimilt anaithnid gualainne ag gineadh fuinneamh. Ceangal céadfach idir dhaoine. Máille atá sa charr a chuireann an tiománaí ar a shuaimhneas ina spás féin, beag beann ar an bpobal.

Tá cathracha ársa ann a choinnigh a croí saor ón charr; Alexanderplatz Bheirlín, Cearnóg Naomh Peadar, Cathair Ársa Charcasonne - iad ar fad siúlta le fonn agam.

Le déanaí bhí mé ag coisíocht i mBarcelona, tríd lánaí a bhí beagnach glan ó charranna - cé go raibh an chuid sin den chathair scoilte scaití ag ascaill leathana a lig do na cairr réabadh tríd an gcathair.

Sna lánaí áfach atá an tsaoil.

Maitheas a rinne sé do Sráid Ghrafton Bhleá Cliath an charr a dhíbirt aisti. 

Díbrítear an charr ó idir an dá chanáil, agus bíodh saol sa chathair arís!