Píosaí liom in áiteanna eile:

Posts mit dem Label bunreacht werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label bunreacht werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2017-10-03

Diamhasla agus masla

Airteagal 6 1 i
...
Aon ní diamhaslach nó ceannairceach nó graosta a fhoilsiú nó a aithris is cion inphionóis é de réir dlí.

I measc an rabharta reifrinn atá ar na bacáin ag an rialtas táthar ag moladh an tAirteagal seo a leasú, chun deireadh a chuir leis an tagairt do dhiamhasla. Ba mhithid. Ní raibh, go bhfios dom, ionchúiseamh rathúil faoin Airteagal riamh. Tharraing sé caint roinnt blianta siar nuair a leasaigh rialtas Fianna Fáil an dlí, ag iarraidh foclaíocht de chineál éigin a chuir air, agus ag cuir pionós airgid in áit an tréimhse carcair a bhí faoin seanreacht. Bhí corraíl le déanaí nuair a rinneadh clamhsán faoin acht sin faoin fear grinn is tráchtaire Stephen Fry. Mar a tharlaíonn sé ní raibh an té a rinne an ghearáin ag maíomh go raibh sé fhéin maslaithe - bhí sé follasach go raibh sé ag iarraidh drochchlú a tharraingt ar an dlí. Ní dheachaigh an cás ró fhada.

Ach cé nach bhfuil feidhm leis an dlí, is drochrud é bheith ar na leabhair. Tá sé dochrach dlí a bheith ar na leabhair nach bhfuil sé i gceist go gcuirfí i bhfeidhm riamh é.

Tá gné eile freisin - tá tíortha ann, dtíortha Moslamacha ach go háirithe, ina úsáidtear dlíthe diamhasla chun cearta daonna a shárú.

Is deacair do Rialtas na tíre seo cuir ina choinne sin agus an foráil sa bhunreacht.

Sé an rud faoi srianta ar shaoirse cainte ná go bhfeidhmíonn siad ar mhaithe leis an gcinsealacht, pé acu a chuirtear i bhfeidhm go gníomhach iad nó go mbíonn tionchar indíreach i gceist.

Tá súil agam mar sin go leasófar an Airteagal go cúramach ar mhaithe le breis saoirse.

Bheadh an imní orm dá gcuirfí, mar atá tarraingthe anuas ag roinnt tráchtairí, fuathchaint in áit diamhasla.

Níl aon cheist ach go bhfuil cosaint dlite do dhaoine ó fuathghríosadh agus caint a spreagann foréigin.

Ach go minic is cód fhocal fuathchaint do tuairimí a thagann salach ar an gceartchreideamh measúil. Fíricí mí chompordacha san áireamh.

Tá baol ann don dioscúrsa poiblí má húsáidtear an dlí chun cosc a chuir ar plé ar thuairimí áirithe, más leor lipéad a chuir ar dhuine chun gan dul i ngleic lena thuairimí.

Ní hionann sin a rá go bhfuil clár raidió nó colún nuachtán dlite do gach duine ar imeall an dioscúrsa poiblí.

Ach ba cheart go mbeadh an dlí coiriúil ag cosaint an pobal, ní an cinseal.

Tá cosaint dlite ó bhréaga agus ón gríosadh fuatha. Ach is tríd na bréaga a nochtadh, cur ina gcoinne is ceart sin a dheánamh seachas le bagairt dlí coiriúil.

Tá súil agam go mbeidh breis saoirse mar thoradh ar an leasú seo, seachas slat eile chun saoránaigh mí chompordacha a lascadh.

2013-04-16

Imbolc 2013: Daonlathas trí choiste?

Íomhá Dan Griffiths
Bhí Audrey Lynch, atá ag staidéir an Dlí agus an Ghaeilge in Ollscoil na hÉireann Corcaí i measc na cainteoirí. Ise a bhuaigh an gradam mór le rá Bhréagchúirt Uí Dhálaigh Gael Linn 2012 sna Ceithre Chúirt. 
Ba chainteoir líofa í agus spreagtha ag a rogha hábhair, An Coinbhinsiún ar an mBunreacht. Ní mór dom a admháil nach bhfuilim féin chomh spreagtha céanna - rud a phlé muid sa bhabhta ceisteanna i ndiaidh a chuid cainte. Ní hé nach dóigh liom go bhfuil athleasú de dhíth ar an mbunreacht - tá - ach, ainneoin luach na ceisteanna atá á phlé ag an coinbhinsiúin dóibh siúd lena mbaineann siad, tá amhras orm nach bhfuil ann ach beartas ag an Rialtas chun aird a tharraingt ar  cheisteanna seachas na deacrachtaí atá ann le rialú na tíre de bharr marbhfháisc an feidhmeannas ar an reachtas. (Agus anois tá na breithiúna ag clamhsán go bhfuil an fheidhmeannas ag ídiú a neamhspleáchas siúd)
Is fíor go bhfuil seasca saoránach, roghnaithe mar a dhéanann comhlacht taighde margaidh le bheith ionadaíoch páirteach. Ach is an fheidhmeannas a shocraíonn na ceisteanna atá le plé, agus téarmaí tagartha an phlé. Agus is ag Bord an Rialtas a shocrófar ag deireadh an lae an mbeidh reifreann faoi mholtaí an choinbhinsiúin. Mar sin féin, ainneoin mo easaontas caithfidh mé a rá go ndearna Audrey a cuid cainte go maith agus thug léargas soiléir ar a smaointe agus ar an gcoinbhinsiúin féin. Agus, mar a deirim, spreag sí plé spéisiúil sa bhabhtaí ceisteanna a lean a cuid cainte.
Ní thagann soiniciúlacht roimh aois, dar ndóigh! Chuir a cuid cainte go mór le hImbolc agus is maith an rud é an deis a thabhairt do dhaoine atá ag tosú amach i ngairm - ceannairí an todhchaí!

2012-05-28

Bunreacht Pollta

Tá litir láidir san Irish Times inniu ag díriú aird ar foclaíocht an leasú atá le cur ar an mBunreacht san Reifreann Déardaoin:
Ní dhéanann aon fhoráil atá sa Bhunreacht seo dlíthe a d’achtaigh, gníomhartha a rinne nó bearta a ghlac an Stát de bhíthin riachtanais na n-oibleagáidí atá ar an Stát faoin gConradh sin a chur ó bhail dlí ná cosc a chur le dlíthe a d’achtaigh, gníomhartha a rinne nó bearta a ghlac comhlachtaí atá inniúil faoin gConradh sin ó fheidhm dlí a bheith acu sa Stát.
Ní hé seo an chéad uair a cuireadh cúldoras mar seo inár mBunreacht. Rinneadh é do geal le gach Conradh Eorpach. Chinn an Cúirt Uachtarach san cás Crotty vs an Taoiseach go raibh reifreann de dhíth má bhí flaitheas le bronnadh ar aon dream eile; is é sin má bhí aon chuid den cumhacht a bhronn an pobal ar eití éagsúla an Rialtas - Reachtas, Feidhmeannas nó Breithiúna -  le cur ar aghaidh.
Airteagal 6.1. Is ón bpobal, faoi Dhia, a thagas gach cumhacht riala, idir reachtaíocht is comhallacht is breithiúnas, agus is ag an bpobal atá sé de cheart rialtóirí an Stáit a cheapadh, agus is faoin bpobal faoi dheoidh atá gach ceist i dtaobh beartas an Náisiúin a shocrú de réir mar is gá chun leasa an phobail.
Ach seachnaíonn an Rialtas an deis a thabhairt don bpobal  iniúchadh a dhéanamh ar na himpleachtaí, ag sleamhnú isteach ailt fearacht an chinn seo:

Airteagal 29.4. 10° Ní dhéanann aon fhoráileamh atá sa Bhunreacht seo aon dlíthe a d'achtaigh, gníomhartha a rinne nó bearta lenar ghlac an Stát, de bhíthin riachtanais na n-oibleagáidí mar chomhalta den Aontas Eorpach nó de na Comhphobail a chur ó bhail dlí ná cosc a chur le dlíthe a d'achtaigh, gníomhartha a rinne nó bearta lenar ghlac an tAontas Eorpach nó na Comhphobail nó institiúidí díobh, nó comhlachtaí atá inniúil faoi na Conarthaí ag bunú na gComhphobal, ó fheidhm dlí a bheith acu sa Stát.
Bhí tuairiscí ann  go ndearna an Rialtas a seacht ndícheall foclaíocht a fháil don gConradh a seachnódh reifreann. B'é breith an Ard Aighne áfach gurbh gá reifreann. Mar sin, tá cuid éigin den mBunreacht - a bhí daonlathach agus forásach sna 1930í nuair a reachtaíodh é, ach atá tagtha sna blianta, le bheith lagaithe ag an gConradh seo. Ach ní heol dúinn go beacht cén tionchar a bheidh aige mar gur chinn an Rialtas cúldoras eile a oscailt sa Bhunreacht seachas a léiriú dúinn céard go díreach a athróidh an cháipéis meamraiméise seo.

Ba cheart do bhunreacht a bheith glé, grinn soiléir soléite. Bhí tráth. Níl níos mó. Táimid mar sin spléach ar aos dlí chun meabhair a bheith a bhaint as - rud a chiallaíonn gur gá do saoránach misniúil éigin dul sa bhfiontar na deicheanna nó na céadta míle dá airgead a chailleadh d'fhonn ceist ar bith a shoiléiriú. Airgead an cháiníocóra a bhíonn a chaitheamh ag an dtaobh eile agus is beag buaireamh a bhíonn orthu dá réir.

Gheall an Luch [stet] Oibre Comhdháil Bunreachta dúinn chun bunreacht soiléir (agus "forásach" de réir a dtuiscint siúd, ach sin scéal eile) a bhronnadh orainn. Ach n'fheadar an gealltanas bhriste eile san.

Maidir leis an Reifreann fhéin, tarlaíonn sé nach mbeidh mé san tír Déardaoin. Agus níl éirithe agam theacht ar chinneadh bealach amháin nó bealach eile. Ach ní maith liom na cúldoirse seo!

2011-06-18

Móid dílseachta don Náisiúin?

Móid Ruetli (Bunú Cónaidhm na hEilvéise)
le Johann Heinrich Füssli, Ón gnáthfhoinse.
Tá tuairiscí ann go mbeifear ag éileamh móid dílseachta don 'náisiúin' ó dhaoine a ghlacann le saoránacht na hÉireann. Tá amhras orm faoi seo. Cad is brí lena leithéid de mhóid? Bheadh ciall, dar liom, le móid dílseachta don mBunreacht, abair. Nó don Stáit agus a chuid dlíthe. Ach cad é an náisiún, agus cad is brí le dílseacht dó?
Is maith an rud é, dar liom, go bhfuiltear ag caint ar deasghnáth chun fáilte a chuir roimh daoine isteach i saoránacht an Stáit. Céim mhór atá ann, agus tá tábhacht le deasghnátha do dhaoine. Ba mhaith an rud é, sílim, a leithéid de dheasghnáth a bheith ann do daoine a rugadh isteach i saoránacht agus iad ag teacht in inmhe. Macasamhail an Jugendweihe, nó an cóineartú sa Chríostaíocht. 
Deis a bheadh ann daoine a chuir ag machnamh ar cad iad cearta agus dualgais an saoránaigh.
Mar sin féin, má táthar ag caint ar 'An Náisiún' níor mhóir sainmhíniú a thabhairt air. De réir an Bhunreacht: 'Is bundualgas polaitiúil ar gach saoránach bheith dílis don náisiún agus tairiseach don Stát.'  (Airteagal 9.3). Mar sin féin níl aon sainmhíniú tugtha ar cad é an náisiún, seachas gurbh í an Ghaeilge an teanga náisiúnta. (Airteagal 8.1). Is beag saoránach atá dílis don ghné sin den náisiún!
Níl freagra agam féin ar an gceist cad é an náisiún, agus ba dheacair dom cuir síos ar cad dó go díreach a bhfuilim dílis. Beidh orm mo mharana a dhéanamh air. Ach sílim féin gur mó tábhacht atá ag baint le dílseacht do Bhunreacht agus do riail an Dlí - Verfassungspatriotismus ag leibhéal an Stáit - agus gur don duine aonair dílseacht do náisiún nach gá gurbh ionann a  dhaonra ná a chríocha agus daonra ná críocha Stáit.

2008-05-28

Éire is ainm don Stát

Bunreacht na hÉireann
Airteagal 4
Éire is ainm don Stát nó, sa Sacs-Bhéarla, Ireland.

ACHT PHOBLACHT NA hÉIREANN, 1948.
2. —Dearbhaítear leis seo gur Poblacht na hÉireann is gnéthuairisc ar an Stát.

Mar sin, de réir Bunreacht agus Dlí na hÉireann, agus in ainneoin leasú ar Airteagail 2 & 3 na Bunreachta, Éire is ainm don Stát.

Éire is ainm don oileáin chomh maith, dar ndóigh. In onóir Ériu, a bhí níos deise le Clann Míle ná a deirfiúracha Banba agus Fódla!

Seans dar ndóigh go bhfeadfaí athghabháil a dhéanamh ar roinnt des na hainmneacha eile atá luaite ag Céitinn. Muicinis, abair. Nó Ogigia.


Ceist a pléadh ag an gciorcal díospóireachta aréir fá ndear an mhír seo.