Píosaí liom in áiteanna eile:

Posts mit dem Label Gaillimh werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label Gaillimh werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2025-04-25

Lá i gCathú


Ó chuala mé faoi dhá bhliain ó shin bhí suim agam san Lá i gCathú, comóradh ar leabhair Bhreandáin Uí Eithir Lig sinn i gCathú. D'fhág damhsa ré agus grian go raibh an tríú Satharn san Aibreán um Cáisc arís i mbliana mar a bhí i 1949 (dáta na heachtraí sa leabhar) agus 1916. Bíonn Aoine an Chéasta saor ó obair agam féin, mar sin chuaigh mé siar ar an dtraein Dé hAoine. Traen a bhí sách luath go bhféadfainn freastal ar shearmanas Aoine an Chéasta i séipéal na nDoiminiceach sa Chladach. Lá salach a bhí ann, ach bhí na fáinleoga ag scinneadh thar uisce abhann na Gaillimhe sa bháisteach. 

Bhí Cór ag canadh le linn an searmanas, ach bhí beagán díomá orm mar bhí mé ag dréim leis na bráithre bheith ag cantaireacht. Ach tharla go raibh twaithne agam ar an gceiliúraí, Conor McDonough OP. Thapaigh mé an deis beannú do ar mo shlí amach. 

Chas mé le Cathal ansin, duine eile ar twaithne a chur mé air i dtosach, ach a raibh cúpla ócáid san fíor saol ar casadh ar a chéile muid. Thug sé féin agus a bhean Mary lóistín na hoíche agus béile breá dom. 

Tá baint ag Cathal leis an mBruach Thoir agus thugamar cuairt ar Thigh Mhaidhc Pháidín agus bhí dreas comhrá againn le seanfhondúir ón Mionloch.

Chodail mé go sámh. Bhí lón luath againn agus thug aghaidh ar an gcoláiste do thús na himeachta, ag meáin lae i bparlús an Uachtaráin. Seomra cuanna le healaíon iontach áitiúil ar na ballaí. 


Chuir John Caulfield fáilte agus tae romhainn thar ceann na hOllscoile. 

Leagadh síos an pátrún don lá ansin. Cúpla sliocht ón leabhar, roinnt plé. Agus sna tábhairní, deoch. 

(Bhí mé fós ag déanamh Carghas). 

Bhí an taighde déanta, agus tábhairní aimsithe a bheag nó a mhór san áit a bhí siad lonnaithe ag Ó hEithir i mBaile an Chaisil an leabhair. 

Agus ar ndóigh an óstán ar an bhfaiche mór, a bhfuil cuma cáca bainise ar ceart go leor. 


Bhí orm féin sleamhnú liom chun traein 17:20 a fháil. (Theastaigh uaim bheith ar ais i mBaile Átha Cliath do Aifreann Bigil na Cásca). 

Bhí an ócáid taitneamhach agus an plé spéisiúil. Chabhraigh sé go raibh an leabhar athléite agam ar an mbealach anoir! 

Tá súil agam bheith ann an bhliain seo chugainn, nuair nach deireadh seachtaine na Cásca a bheidh ann. (Beidh orm bheith siosmaideach ar mhaithe le m'ae!) 

(leasaithe - Chuir Maitiú ar mo shúile dom nach Coirib atá ar an abhainn) 


2022-11-26

Eachtraí Aonghusa i dtír na Máilleach


Tagairt ar Twitter ag Deirdre Ní Chonghaile don taispeántas faoi Tomás Ó Máille i leabharlann Ollscoil na Gaillimhe a spreag fonn orm dul siar go Gaillimh. Nuair a luaigh sí go mbeadh taispeántas in Iarsmalann na Cathrach faoina dheartháir Pádraig agus Liam Ó Maoilíosa dhaingnigh sé mo rún. Tá sé measartha éasca anois bus a fháil go Gaillimh. Bhí fúm áfach bheith ar ais i mBaile Átha Cliath do seoladh Tinte na Farraige Duibhe, mar sin b'éigean glacadh le tús luath! 

Bus 7:30 ó Bhaile an Chinnéidigh dá réir. Caife le dul tapaigh agus mé ag brostú go dtí na céanna. Bus na Gaillimhe agus scuaine turasóirí romham. Bhí suíochán in áirithint ag an mac seo, áfach, nach mbíonn fonn ar dul san amhantar. 

Dhá uair go leith dul siar. Maidin geal seaca a bhí thoir, ach doineann agus gaoth feanntach thiar. 

Os rud é go raibh mé ag dul siar bhí socrú déanta agam Twaithne a athrú ina fíor aithne nó ar a laghad ina teacht le chéile beo. Bhí an caife a bhí réamhshocruithe plódaithe, mar sin chuamar go dtí an Hardiman (Great Western mar a bhí, sílim) - óstán fadbhunaithe in aice an stáisiún traenach agus an Fhaiche Mhóir. Mheabhraigh sé Lig sin i gcathú dom. Mura bhfuil dul amú orm, is ann a bhí an comhrá idir Máirtín Ó Méalóid agus a dheartháir an sagart postúil. Ba mhilse agus compordaí go mór ár gcomhrá thar caife i forhalla ciúin compordach. Ba dheas aghaidh a chuir le @, agus bheadh dóthain le rá againn go ceann cúpla uair an chloig, murach gur bhraith mise go raibh an cúpla uair an chloig a bhí agam ag leá... 

Shiúil Cathal liom chun na hollscoile agus an leabharlann ina bhfuil an taispeántas. Fán mbealach casadh Seán Cathal orainn, agus rinne mé socrú leis casadh leis le haghaidh plaic bia ar ball. 

Bhain mé amach leabharlann Hardiman na hOllscoile, agus an taispeántas san forhalla. Táblaí soiléire i nGaeilge agus Béarla ag cuir síos ar a shaol agus a shaothair. Roinnt de na leabhair agus na sorcóir Ediphone i gcás gloine sa lár. Treoir chuig suíomhanna idirlín - ceann maidir leis an gcúrsa Linguaphone a raibh lámh aige ann, agus ceann eile áit a bhfuil an méid á thaifid sé á chur ar fáil diaidh ar ndiaidh.

Tá súil agam go deis a fháil go luath éisteacht le cuid den ábhar ann. 

Rith Máirtín Ó Méalóid liom arís agus mé ag súil trasna an champais. Beidh orm an leabhar a léamh arís, ach tá nathanna as greamaithe i mo chuimhne, ina measc sioscadh na ndaoine faoin ardeaglais nua. 

Bhrostaigh mé ar ais isteach sa chathair, thar oileán ealtanach a bhí ealtanach dáiríre. 
Bhí béile agam i bhfochair Seán Cathal san Front Door agus comhrá mar anlann leis. 

Lean mé orm ansin go dtí Museum na Cathrach chun scéal an Mháilligh eile agus a chara Liam Ó Maoilíosa a fheiceáil. Dís a chuaigh bealaí éagsúla i gCogadh na gCarad. Agus duine acu a maraíodh ag fórsaí an Saorstáit san sraith básaithe conspóideacha, a raibh ionsaí ar an nduine eile mar chuid den spreagadh dó. 

Faraor bhí an cuir síos as Gaeilge lofa ar fad - lomaistriúchán focal ar fhocal ar an téacs Béarla, agus ciotach go minic. Chuir sé oiread oilc orm nach raibh fonn orm amharc ar na taispeántais eile. 

Bhí sé de rún agam tabhairt faoi siúlóid - amach Bóthar na Trá nó amach tóchar Oileán na gCaorach. Bhí an aimsir lofa áfach agus cé go raibh brístí báistí liom, mheas mé nár den gcríonnacht dul i mbaol báite. Ní dheachaigh mé níos faide ná séipéal na nDoiminicigh ar an gcladach, áit a bhfuil altóir cuanna do Bhantiarna na Gaillimhe. Lasc an bháisteach isteach ann mé, ach faoin am go raibh paidrín ráite agam bhí an múr thart. 
Rinne mé pas beag siopadóireacht súil ar mo bhealach ar ais chuig stáisiún na mbus, agus chonaic tagairt eile do na Máilligh ar mo shiúlóidí. 

Turas pléisiúrtha a bhí ann!
Tá rún agam Lig sin i gcathú a athléamh sula dtéim siar arís! Cathair soshiúlta go maith Gaillimh, is trua go bhfuil sé plúchta le carranna lasmuigh den dornán sráid beoga coisithe. 

2020-11-08

Gaillimh - Díolaim Cathrach


Sheol Cló Iar-Chonnachta cóip léirmheasa den díolaim seo chugam, agus táim buíoch. Togra a bhaineann le gradam Cathair na Gaillimhe mar phríomhchathair chultúrtha na hEorpa i mbliana, comóradh a cuireadh as a riocht de bharr na paindéime.

Sleachta ficsean próis - as gearrscéalta nó úrscéalta, chomh maith le réimse filíochta. Iad ar fad bainteach le cathair na Gaillimhe. Díol suntais - bhraith an fear eagair easpa mná i measc na scríbhneoirí próis agus choimisiúnaigh dánta ó mhná mar chúiteamh. 

Mar a luaigh Máire Ní Finneadha, bhraith mé go raibh sé ait nach raibh na sleachta de réir údair - píosaí leis na húdair céanna scaipthe tríd an gcnuasach, agus an cur i láthair beagán éagsúil de réir an tsleachta. Is féidir go bhfuil eochair don leagan amach ar na sleachta ag an eagarthóir, ach theip orm féin pátrúin a aithint - is trua sin, mar measaim go mbeadh an díolaim níos láidre ach scafall dá leithéid a bheith ann. 

Cuid mhaith den bprós agus roinnt de na dánta bhí siad léite cheana agam. Ach is cinnte go raibh sleachta áirithe a spreagadh fiosracht léitheora maidir le húdar agus saothair agus is maith sin. Díolaim measartha leathan atá ann, agus clúdach maith déanta ar scríbhneoirí na fichiú haoise agus tús na haoise seo. 

Leabhar maith leabhragáin, le tarraingt air anois is arís d'fhonn na saothair a bhlaiseadh. Tá dearadh an leabhair oiriúnach chuige sin, clúdach crua agus clúdach deannaigh cuanna. Cló soiléir, innéacs agus tagairtí do na foinsí. 

Brian Ó Conchubhair

2019-08-24

Gairdín Bhríde




Ar ár mbealach abhaile ón Traidphicnic i Mí Iúil , bhí fonn orainn Gaillimh a sheachaint agus greim lóin a ithe. Thrasnaigh muid na cnoic (agus chuir bóithre Chonamara sceon ar mo nuachar a bhí ag tiomáint) go Maigh Cuilinn agus Gairdín Bhríde.

Gairdín ealaíne agus bláthanna, leagtha amach ina cheithre chuid de réir na sean féilte Gaelacha, Imbolc, Bealtaine, Lúnasa agus Samhain. Táim amhrasach faoin nua phágántacht, agus faoi cuid den "teagasc ársa" nach bhfuil chomh hársa sin dáiríre.

Ní théitear thar fóir lena leithéid áfach, agus is áit deas an ghairdín le ham a chaitheamh. 

Tá bialann spéisiúil ann freisin agus roinnt de na comhábhar tógtha on ngairdín. 

Áit dheas chun turas a bhriseadh.